search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: '   déanfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index    déanfaidh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    déanfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 542

 

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándála nó teip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

Airteagal 20

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.

3.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 22

Liostaí iontaofa

1.   déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh i measc nithe eile faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bhfuil sé freagrach ina leith chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad.

2.   déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bheidh ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán, ar liostaí iad a bheidh i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, faoi na deimhnithe a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus faoi aon athruithe a rinneadh orthu.

4.   déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015 sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus saineoidh sé na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla do na liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhír 1 go mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 24

Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.

Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó

(b)

go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó

(c)

trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó

(d)

trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú.

2.   déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí;

(b)

fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad;

(f)

déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(i)

níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,

(ii)

ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,

(iii)

is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;

(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4);

(j)

próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE;

(k)

maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.

3.   I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.

4.   Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 4

Ríomhshínithe

Airteagal 30

Gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú

1.   déanfaidh comhlachtaí iomchuí poiblí nó príobháideacha a ainmneofar chuige sin ag na Ballstáit comhréireacht gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a dheimhniú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

3.   Bunófar an deimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar cheann amháin díobh siúd a leanas:

(a)

próiseas meastóireachta slándála a dhéanfar i gcomhréir le ceann de na caighdeáin le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéise a áireofar i liosta arna bhunú i gcomhréir leis an dara fomhír; nó

(b)

próiseas seachas an próiseas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go n-úsáidfear leibhéil inchomparáide slándála sa phróiseas sin agus go gcuirfidh an comhlacht poiblí nó príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoin bpróiseas sin. Ní fhéadfar an próiseas sin a úsáid ach amháin in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gcás ina mbeidh próiseas meastóireachta slándála dá dtagraítear i bpointe (a) ar siúl.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta caighdeán le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

4.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 47, a mhéid a bhainfidh le critéir shonracha a bhunú a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí a ainmneofar agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 51

Bearta idirthréimhseacha

1.   Gléasanna cruthaithe sínithe slána ar cinneadh a gcomhréireacht i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Threoir 1999/93/CE, measfar gur gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe iad faoin Rialachán seo.

2.   Measfar gur deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe faoin Rialachán seo iad deimhnithe cáilithe a eisítear do dhaoine nádúrtha faoi Threoir 1999/93/CE, go dtí go rachaidh siad in éag.

3.   déanfaidh soláthraí seirbhísí deimhniúcháin a eiseoidh deimhnithe cáilithe faoi Threoir 1999/93/CE tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2017. Go dtí go dtíolacfar an tuarascáil sin ar mheasúnú comhréireachta agus go dtabharfaidh an comhlacht maoirseachta a mheasúnú chun críche, measfar gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an soláthraí seirbhísí deimhniúcháin.

4.   Mura ndéanfaidh soláthraí seirbhísí deimhniúcháin, a eisíonn deimhnithe cáilithe faoi Threoir 1999/93/CE, tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta taobh istigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, ní mheasfar gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an soláthraí seirbhísí deimhniúcháin sin faoin Rialachán seo ón 2 Iúil 2017.


whereas









keyboard_arrow_down